Tá gníomhaíochtaí ann a spreagann fuinneamh sna rannpháirtithe, agus cinn eile a mheallann chun ciúnais iad. Tá cluichí ann ar mhaithe le spraoi agus cluichí a mhúsclaíonn machnamh agus smaointeoireacht.
95 Cluiche Drámaíochta do mhúinteoirí agus do dhaltaí
Oiriúnach don té atá i mbun ceardlanna drámaíochta. Is acmhainn d’áisitheoirí é, do stiúrthóirí agus do chinnirí i gclubanna óige agus i gclubanna spóirt.
Don mhúinteoir scoile, tugann sé stór straitéisí agus modheolaíochtaí le cruthaitheacht agus gníomhaíocht a chur sa teagasc agus sa bhfoghlaim. Is féidir leathnú ar aon cheann de na cluichí sa leabhar agus iad a chur in oiriúint d’aoiseanna difrúla agus d’ábhair dhifrúla.
Gníomhaíochtaí sa seomra ranga
Cruthaitheacht a spreagadh
Úsáideach i gceardlanna
Áisitheoirí oideachais
Ceannairí i gclubanna óige
Nóta ón scríbhneoir Sinéad Ní Ghuidhir ag déanamh cur síos ar an leabhar
Cuireadh an liosta seo le chéile ag tógáil ar mo thaithí féin. Tá blianta caite agam ag freastal ar cheardlanna, ag foghlaim le grúpaí éagsúla, ag eagrú ceardlanna agus ag obair le daoine óga agus le daoine fásta. Aithneoidh drámadóirí agus aisteoirí roinnt de na cluichí atá anseo. Is straitéisí iad atá fíorchomónta i measc an phobail drámaíochta.