Anseo tá Scéal na Nollag ó thús, bunchloch na n-iontaisí. An oidhreacht iontach, an traidisiún idir dhúchas agus iasacht ar dhein ár muintir a gcuid féin de i gcónaí agus riamh ó theacht na Críostaíochta.
Scéalta, carúil, dánta, nósanna, cín lae, cuimhní cinn, ealaín agus seanfhocail a bhaineann le tráth na Nollag, lenár scríbhneoirí agus ealaíontóirí gur mhór leo an Nollaig ina saol. ‘Nollaig mhór mhaith mheidhreach agus bliain nua faoi áthas daoibh go léir agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.’
Is é gnó Meanmanra ná meon na nGael i réimse na fealsúnachta agus na síceolaíochta a shaothrú, a dhoimhniú agus a shoiléiriú. Cén fáth fealsúnacht agus síceolaíocht a bheith faoi scáth aon chomhdhála amháin? Déanaimid amach gur i dteannta a chéile is fearr a thiocfaidh tuiscint ar an dá réimse sin a bhíonn á n-iniúchadh faoi scáth aon chomhdhála amháin againne. Agus an dara heagrán de chainteanna Meanmanra anois á chur faoi bhur mbráid, is mór an onóir arís dúinn ábhar a chur ar fáil ina dtugtar aghaidh ar cheisteanna a bhfuil gné idirnáisiúnta maille le gné shainiúil na Gaeilge araon ag roinnt leo.