Cailleadh Ma´irti´n O´ Cadhain (1906–1970), mo´rscri´bhneoir an nuaphro´is sa Ghaeilge, leathche´ad bliain o´ shin. Deich mbliana i ndiaidh a bha´is, i 1980, cuireadh tu´s le sraith le´achtai´ bliantu´la in o´mo´s do´ sa Chola´iste Ollscoile, Baile A´tha Cliath, sraith ata´ faoi la´nseol i gco´nai´. Di´rithe ar phobal na Gaeilge tri´ che´ile a bhi´ Le´achtai´ Ui´ Chadhain o´n gce´ad la´, bi´odh nach beag an chomaoin ata´ curtha ag an tsraith ar le´ann na Gaeilge o´ shin. Dha´ thra´ a bhi´ le freastal o´ thu´s: athle´amha a shola´thar ar shaol agus ar shaothar an Chadhnaigh agus athmhachnamh a dhe´anamh ar na mo´rcheisteanna cultu´rtha, so´isialta agus polaitiu´la a bhi´ ag de´anamh scime do´ ar feadh a shaoil. Sa mho´rchnuasach seo de na le´achtai´ ar fad a tugadh go dti´ seo aimseofar an flosc agus an faobhar, an cur agus an cu´iteamh, an saibhreas agus an ghaois agus, go ha´irithe, an ilchinea´lacht che´adach che´anna ba dhual do scri´bhinni´ Ui´ Chadhain fe´in riamh.
Seo e´ an che´ad leabhar sa tsraith ‘Aisti´ Le´annta’ de chuid an inphrionta, Clo´ Le´ann na Gaeilge.