Sa bhailiúchán soléite seo de cholúin raidió agus nuachtán, tugtar cuntas suimiúil ar shaol laethúil phobal cheantar na Rinne, agus léargas ar ghnéithe sainiúla a bhaineann le cultúr agus oidhreacht na háite. Nasctar na caibidlí le míonna na bliana sa gcaoi is go dtugtar léargas ar eachtraí éagsúla thar bhliain iomlán sna Déise. Saibhríonn na léaráidí an spléachadh seo ar shaol comhaimseartha phobal Gaeltachta agus an daonnacht céanna atá le feiceáil sna haistí le sonrú iontu.
Nuair a chaill Antoine Leiris a bhean de dheasca ionsaithe sceimhlitheoireachta sa cheoláras Bataclan i bPáras in 2015, d’fhoilsigh sé litir chuig na sceimhlitheoirí ar Facebook: ‘Ní thabharfaidh mé an tsástacht seo daoibh – ní bheidh fuath agam oraibh’. Seo fíorscéal faoina shaol laethúil lena mhac i ndiaidh an ionsaithe. Tá crá croí ann chomh maith le dóchas agus greann – an dólás agus an sólás.
Is uaigneach an saol a bhíonn ag Cecily Ní Bhaoill. Alcólach a bhí inti fadó agus, mar thoradh air sin, ní bhíonn teagmháil ar bith aici lena hiníon fhásta ná lena beirt gharpháistí. Anois, tá a gariníon ag déanamh réidh lena Céad Chomaoineach a dhéanamh agus, thar aon ní eile, ba bhreá le Cecily bheith i láthair. An féidir léi teagmháil a dhéanamh leis an teaghlach sula mbeidh sé ródhéanach? Scéal é seo a léiríonn an choimhlint idir an phróifíl shnasta ar Facebook agus an fhírinne lom. Bíonn na carachtair uile ag streachailt lena gcuid fadhbanna féin – idir andúileachas, aonrú sóisialta agus foréigean baile – agus baineann an t-údar leas as guthanna difriúla chun dearcadh thrí ghlúin den teaghlach seo a chur in iúl. Insítear an scéal i nGaeilge shimplí agus tá míniú ar fhocail agus ar nathanna cainte ag bun gach leathanaigh agus sa ghluais ag deireadh an leabhair.
My name is Fileánfál. I’m not a demon, I’m not an angel, you’ll understand this by the end of the day. Three thought-provoking fantasy stories for children aged 12-14. Even though Fileánfál looks just like an ordinary boy he’s not human ... but he’s not a demon either ... he’s as old as time itself and since then he has been causing havoc anywhere that young people are treated unfairly
Clocha míle ar chéimeanna cinniúnacha im’ shaol agus ar ócáidí suntasacha a chuaigh i gcion orm is ea na hiarrachtaí seo – iarrachtaí friotal seachtrach a chur ar mhothúcháin phríobháideacha, ar thochta bróin agus áthais a bhog mo chroí, agus iad á sceitheadh agus á gcraoladh agam mar cheiliúradh agus mar leigheas ar ‘suas síos’ m’aistir. Níl an cur chuige iontu i bhfad ón tuiscint sin ag Wordsworth gur athghabháil mothúcháin faoi shuaimhneas gníomh na cumadóireachta féin; ná ó thuiscint T.S. Eliot go bhfeidhmíonn an dán mar objective correlative (comhchoibhneasach oibiachtúil) a thugann ardú meanman agus sólás croí – más slán an chomparáid ar bhonn modheolaíochta seachas ar bhonn fiúntais!
Saothar é seo ina ndírítear ar sheisear ó Mhaigh Eo – ó cheantair Bhéal an Mhuirthead, Iorrais, Bhéal an Átha, Acla, Oileán Éadaí, agus Thuar Mhic Éadaigh – a d’imigh go Meiriceá i ndiaidh an Ghorta. Cainteoirí dúchais ab ea iad agus rinneadar go léir beart de réir a mbriathar maidir le caomhnú na Gaeilge. Bhí ceathrar acu i mbun pinn agus thagair gach duine acu ina gcuid scríbhneoireachta do na sráidbhailte inar tógadh iad, chomh maith le himeachtaí domhanda. Is léir go raibh tarraingt nach beag ag a mbailte dúchais féin orthu. Chum na filí, Lally agus Dougher, dánta a bhain le Maigh Eo ach bhí spéis acu i ngnóthaí idirnáisiúnta freisin agus rinne siad tagairt d’imeachtaí i dtíortha eile — Sasana, An tSiria, Veiniséala agus an Tuirc. Sholáthraigh McCormick saothar próis agus Ward filíocht agus amhráin a raibh baint ag an ábhar le Maigh Eo do léitheoirí An Gaodhal. Bhí Lavelle gnóthach le Cumainn Náisiúnta le linn dó a bheith in Cleveland agus ba dhuine de bhunaitheoirí an chéad chumainn Gaeilge i gCeanada é. Ba é Henehan, a bhí cairdiúil le hEoghan Ó Gramhnaigh, príomhbhunaitheoir Chonradh Gaeilge Mheiriceá. Cuireann Fionnuala Uí Fhlannagáin mionsonraí faoin seisear ar fáil, a thugann léargas ar a stádas agus a seasamh i measc na nGael thall.