Nuair a chaill Antoine Leiris a bhean de dheasca ionsaithe sceimhlitheoireachta sa cheoláras Bataclan i bPáras in 2015, d’fhoilsigh sé litir chuig na sceimhlitheoirí ar Facebook: ‘Ní thabharfaidh mé an tsástacht seo daoibh – ní bheidh fuath agam oraibh’. Seo fíorscéal faoina shaol laethúil lena mhac i ndiaidh an ionsaithe. Tá crá croí ann chomh maith le dóchas agus greann – an dólás agus an sólás.
Rogha dánta le Proinsias Mac a’ Bhaird. Is as Árann Mhór i dTír Chonaill do Phroinsias Mac a’ Bhaird. Seo an ceathrú cnuasach filíochta dá chuid atá curtha i gcló. A selection of poetry by Proinsias Mac a’ Bhaird. This is the Árann Mhór poet’s fourth collection.