Is é gnó Meanmanra ná meon na nGael i réimse na fealsúnachta agus na síceolaíochta a shaothrú, a dhoimhniú agus a shoiléiriú. Cén fáth fealsúnacht agus síceolaíocht a bheith faoi scáth aon chomhdhála amháin? Déanaimid amach gur i dteannta a chéile is fearr a thiocfaidh tuiscint ar an dá réimse sin a bhíonn á n-iniúchadh faoi scáth aon chomhdhála amháin againne. Agus an dara heagrán de chainteanna Meanmanra anois á chur faoi bhur mbráid, is mór an onóir arís dúinn ábhar a chur ar fáil ina dtugtar aghaidh ar cheisteanna a bhfuil gné idirnáisiúnta maille le gné shainiúil na Gaeilge araon ag roinnt leo.
Is Cailín beag í Rita le smaointe Móra. Nuair a éiríonn sí crosta, samhlaíonn sí go bhfuil dragún fíochmhar feargach aici a chuirfeadh an domhan ar crith. Ach is Féidir tine the na feirge a cheansú, agus tá a fhios ag Rita cén dóigh lena dhéanamh.