Is síceolaí í Cass Ó Caoimh a bhogann go Conamara nuair a fhágtar ina baintreach í. Mar aon leis an bpostroinnt atá aici san Ionad Leighis áitiúil, glacann sí le post páirtaimseartha i gCeannáras na nGardaí mar shíceolaí fóiréinseach. Nuair a bháitear Niamh, cara a hiníne, creideann Cass gur dúnmharaíodh an ógbhean ainneoin an mhéid a cheapann an Bleachtaire Cigire, Tom Breasal, a hiarleannán. Le cúnamh ón iriseoir Gearóid, mac Tom, agus ó dhaoine a gcuireann sí aithne orthu, déanann sí bás Niamh a fhiosrú agus tugann scéal scáfar chun solais. San am atá díreach thart atá an coirscéinséir eachtrúil seo suite.
Croí Cine is a unique anthology of writing that provides a comprehensive and wide-ranging introduction to Irish-language writing, which extends from the 1600s to the end of the 20th century. Meticulously selected by Seán de Fréine, the new edition, published in 2019 by Cló Iar-Chonnacht, is even more comprehensive than the first edition, which was published in 1990 to widespread acclaim. One one level Croí Cine is a collection of hundreds of short excerpts from Irish-language literature, which features some of the best examples of poetry, sayings and opinion writing in Irish across hundreds of years. These excerpts shine a light on topics like the view of the community towards the clergy, the role of various different types of songs as sources of good humour and courage in different sections of society, nationality versus nationalism, the importance of the Gaeltacht and its future, the three major reasons for the ebb of the Irish-language in the 19th century and other topics.
Tá clú ar Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh as an chéad Ghaelscoil ó laethanta na scoileanna scairte, Scoil Bhríde, a chomhbhunú in 1917, ach ba mhó fós an t-éacht é don bhean seo nárbh eol di an Ghaeilge a bheith ann le linn a hóige.
Tugtar féachaint sa leabhar seo ar an dtionchar atá imeartha ag Raidió na Gaeltachta (RnaG) ar shaol agus ar chultúr mhuintir n? Gaeltachta ó bunaíodh an tseirbhís lán-Ghaeilge i 1972.
Dánta in ómós don teaghlach is ea na dánta seo le Louis de Paor, dánta a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla den gcaidreamh atá ag croílár an eispéiris dhaonna.