Is Cailín beag í Rita le smaointe Móra. Níor mhaith léi gnáthphrata cosúil lr coinín,cat nó iasc órga. Ba mhaith le Rita, Dineasár!! Ach cad é mar a thugtar cúram dá leithéid?
Is cailín beag í Rita le smaointe móra. Agus is breá léi dul i bhfolach. Ba mhaith léi traenaíl mar ninja. Ansin, bheadh sí ciúin, gásta, dofhecithe. Ach cén deireadh a bheadh leis?
Is Cailín beag í Rita le smaointe Móra. Nuair a éiríonn sí crosta, samhlaíonn sí go bhfuil dragún fíochmhar feargach aici a chuirfeadh an domhan ar crith. Ach is Féidir tine the na feirge a cheansú, agus tá a fhios ag Rita cén dóigh lena dhéanamh.
Is cailín beag í Rita le smaointe móra. Agus í buartha faoin timpeallacht, ba mhaith léi fathach ollmhór chun an plaisteach a scaobadh as na farraigí, an truailliú a shéideadh as an spéir agus an plainéad ar fad a ghlanadh suas. Ach an féidir le fathach sin a dhéanamh ar a haonar?
Is cailín beag í Rita le smaointe móra. Ba bhreá léi eitilt i spáslong go dtí pláinéid eile agus eachtrán a bheith aici mar chara. Tuigeann Rita nach mbíonn sé éasca teanga agus nósanna nua a fhoghlaim. Tiontóidh an t-eachtrán saol Rita — agus an leabhar seo — bunoscionn!