I measc na n-ábhar a ndéantar plé orthu, tá an béaloideas, ceisteanna inscne, téacsanna leighis, filíocht na scol, an Fhiannaíocht, an t-amhrán liteartha san 18ú haois, filíocht na mban, an eagarthóireacht théacsúil, Oireachtas na Gaeilge agus an fhonnadóireacht, dánta Sheáin Uí Ríordáin agus ceisteanna fealsúnachta a bhaineann leo, agus sealbhú na Gaeilge in Éirinn agus in Albain.