Éiríonn le haistritheoir fánach a phearsantacht fílíochta nó prós féin a leagadh chomh héirimiúil ar a shaothar aistriúchán go mbíonn an toradh ina rud suaithinseach sa mhéid gur scáil é ar an cháilíocht gan bheith ina ghlanaistriú ar an mbun-ábhar.
Is tír bheag Eacudór i gcomhthéacs Mheiriceá Theas ina bhfuil tromlach na dtíortha iontach mór – thiocfadh leat an Eoraip uilig a chur taobh istigh den Bhrasaíl, mar shampla – ach i gcomhthéacs na hEorpa, tá sé chomh mór le Sasana, Albain agus an Bhreatain Bheag le chéile.
Tá ceardúlacht chúramach bheacht aige i bhfoirmeacha na ndánta… Thar breithiúnas ar bith eile is féidir a rá faoi dhánta Art Uí Mhaolfabhail go bhfuil slacht orthu, go bhfuil siad “well made”. – Eoghan Ó hAnluain