Leagan glanta agus giorraithe de Jimín Mháire Thaidhg a léigh glúine de pháistí scoile Éireannacha, ar baineadh tagairtí don chleamhnas, do chaidrimh idir dhaoine fásta agus don bhás amach as. Filleann an t-eagrán seo ar an mbuntéacs agus tugann sé cuntas níos grinne agus níos greannmhaire ar nósanna agus ar chultúr na Gaeltachta ag tús an fichiú haois.
‘An Seabhac’ a bhí mar ainm cleite ag Pádraig Ó Siochfhradha (1883-1964) as Baile an Ghóilín i gContae Chiarraí.
Is léachtóir le Gaeilge í Ríona Nic Congáil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.