Chaith sé an chuid eile dá shaol ag plé leis an cheantar agus rinne infheistíocht mhór ann. Tógadh tithe, céanna, bóithre, droichid, óstán fiú. Tugadh gabháltais chun rialtachta agus talamh chun míntíreachais. Sheas sé leis an phobal aimsir an Ghorta Mhóir agus tháinig Gaoth Dobhair slán cuid mhaith ón gcuid ba mheasa den Drochshaol.
Ach, mar sin féin, ní raibh achan duine sásta leis, agus nuair a lig sé talamh coiteann, a bhíodh ag a chuid tionóntaí go dtí sin, le sréadaithe caorach, d’fhás aighneas agus foréigean – Cogadh na gCaorach. D’éirigh cúrsaí chomh corraithe agus líomhaintí éagsúla chomh fairsing gurbh éigean roghchoiste parlaiminte a thionól in 1858 leis an scéal a fhiosrú. Déantar iarracht anseo fíricí agus barúlacha faoi Hill agus Gaoth Dobhair a tharraingt le chéile lena gcomhthéacs staire agus pearsanta agus lena oidhreacht sa cheantar a mheas go cothrom. Bain conspóid le Hill i nGaoth Dobhair lena linn agus is ar éigean go gcuirfidh an leabhar deireadh seo leis an chur agus cúiteamh.