Cuimsíonn an leabhar seo na hamhráin go léir a bailíodh ó Anna John Chiot Nic an Luain sna Cruacha Gorma i gContae Dhún na nGall idir 1937 agus 1948. Anuas ar an stór mór scéalta agus seanchas a d’eachtraigh sí do Choimisiún Béaloideasa Éireann, bailíodh stór mór amhrán uaithi chomh maith – 128 amhrán in iomlán, idir amhráin fhada, amhráin ghearra agus blúiríní nó giotaí as amhráin eile. Beidh an cnuasach seo ina acmhainn thábhachtach do dhuine ar bith a bhfuil suim acu san amhránaíocht ar an sean-nós, agus i dtraidisiún ceoil Dhún na nGall.
Dúirt Anna focail na n-amhrán leis na bailitheoirí Liam Mac Meanman agus Seán Ó hEochaidh. Mar sin níl mórán eile fágtha againn ach na focail a bhreac siad síos uaithi, ach san fhoilseachán seo tá taifeadtaí déanta de shamplaí amhrán ón chnuasach ag seisear de nah amhránaithe is fearr ó Chontae Dhún na nGall, Mairéad Ní Mhaonaigh, Anna Ní Mhaonaigha gus Máire Ní Choilm, Lillis Ó Laoire, Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Brian Ó Domhnaill.