Nic Cárthaigh, Gearóidín
9781739255169
Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach so, iad go léir fé bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha is ghrá, idir uaigneas is dóchas. Insintí géara gonta, go bhfuil tús, lár agus deireadh leo – cé gur minic go dtosnaíonn siad i lár baill nó go gcríochnaíonn siad go luath.