In E´irinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir tha´bhachtach do Lu´ca´s O´ Briain le breith faoi ru´n chun na Ro´imhe agus le leagan i la´imh Aodha Mho´ir Ui´ Ne´ill, Iarla Thi´r Eoghain.
Ta´ O´ Ne´ill agus na taoisigh Ghaelacha sa Ro´imh ag iarraidh airm ar Ri´ na Spa´inne le filleadh ar E´irinn agus le cumhacht Shasana sa ti´r a bhriseadh. Cuireann Lu´ca´s chun farraige agus feallmharfo´irí an namhad ar a tho´ir. "Tar éis a ndeachaigh Lúcás tríd d’achrann, de throid, de mharú, d’fhuil, is d’imní ó cuireadh an litir isteach ina láimh an chéad uair, shílfeá gur duine difriúil é faoin am seo seachas mar a bhí nuair a bhí sé ina dhalta óg tallannach neamhthuairimeach sa Choláiste i nGaillimh. Agus ba ea. Bhí sé beagán níos stuama, nó ag iarraidh a bheith. Bhí sé ag iarraidh a bheith níos faichillí.
Bhí sé ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar an Ard-Easpag ar bhonn cothrom. Ach ba é an Lúcás céanna i gcónaí é, ag breith ar chúrsaí mar a casadh ina threo iad, ag déanamh an chuid is fearr de gach uile uain." Seo e´ an tríú leabhar, agus an leabhar deireanach, i sraith u´rsce´alta suite in E´irinn agus ar Mho´r-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar e´is Imeacht na hIarlai´. Is é a dúirt na léirmheastóirí faoin gcéad dá leabhar sa tsraith: Tá an-mhothú ann don tréimhse in atmaisféar na Gaillimhe. Braitheann tú go raibh tú ann i 1612. Airíonn tú go bhfuil tú i lámha scríbhneora an-snasta.
— Éilís Ní Dhuibhne, Comhluadar na Leabhar, RTÉ RnaG Seo é an saothar is dírí agus is eachtrúla atá scríofa Liam Mac Cóil go nuige seo. Ropann an scéal ar aghaidh ó eachtra go heachtra agus ropann an léitheoir ar aghaidh ó leathanach go leathanach.
— Micheál Mac Craith, Comhar. “Coinníonn Mac Cóil gearradh faoin bprós ó thús deireadh agus fágtar an léitheoir ag fiafraí cén deireadh a bheidh le Lúcás? Is mairg don té a déarfadh nach mbíonn spraoi ar an stair.”