Sobhristeacht na beatha; síorghrá an tuismitheora don pháiste; daoine óga ag teacht in aois; cinntí déanta i bhfaiteadh na súl a fhágann a rian go deo. Sa chéad chnuasach gearrscéalta so dá cuid, pléann Majella Ní Dhomhnaill go soiléir cumhachtach le réimse téamaí a bhaineann le brúnna agus iontais na linne seo. As Bré Chill Mhantáin do Mhajella Ní Dhomhnaill agus cónaí uirthi faoi láthair i mBaile Átha Cliath.