Fear ildánach ab ea Liam P. Ó Riain (William P. Ryan) a rinne breis agus a chion féin do chúis na hathbheochana náisiúnta i dtús na haoise seo caite – sóisialaí, misteach, iriseoir, eagarthóir, aighneasóir, staraí, file, drámadóir agus úrscéalaí i nGaeilge agus i mBéarla. Leabhair dá chuid is ea The Plough and the Cross (1910), The Pope’s Green Island (1912), Caoimhghin Ó Cearnaigh (1913) agus Gaedhealachas i gCéin (1933). D’fhoilsigh Alan Titley eagrán nua de Caoimhghin Ó Cearnaigh in 2014. Tá an chuid is mó de na téamaí a phléigh an Rianach san úrscéal sin pléite arís in An Bhóinn agus an Bhóchna, a céadfhoilsíodh mar shraithscéal in An Claidheamh Soluis idir na blianta 1915–6, agus atá i gcló anseo den chéad uair i bhfoirm leabhair. Is é atá anseo ná eagrán caighdeánaithe de bhuntéacs an úrscéil sin mar aon le réamhrá agus le haistriúchán Béarla a thabharfaidh léargas úr ar fhealsúnacht mhistiúil agus ar chlár praiticiúil an Rianaigh le haghaidh na hAthbheochana do léitheoirí an lae inniu.
Liam P. Ó Riain (William P. Ryan) was a man of many talents who contributed more than his share to the cause of national revival in the early years of the twentieth century – socialist, mystic, journalist, editor, controversialist, historian, poet, dramatist and novelist in both Irish and English. Among his books are The Plough and the Cross (1910), The Pope’s Green Island (1912), Caoimhghin Ó Cearnaigh (1913) and Gaedhealachas i gCéin(1933). In 2014 Alan Titley published a new edition of Caoimhghin Ó Cearnaigh.