Seo an chéad leabhar in Éirinn ina n-insítear scéal réabhlóid na Rúise. Cuirtear síos go bríomhar ar chúlra na gluaiseachta sóisialaí sa Rúis, ar an gcéad réabhlóid i 1905, agus ar thubaiste an chogaidh mhóir. Tugtar cuntas buille ar bhuille ar ghleic na ngníomhartha is na smaointe i 1917. I rith an leabhair, ligtear do na rannphairtithe labhairt dóibh féin. Tá léiriú breise ar phearsana is imeachtaí na réabhlóide le fáil i ngluais, amlíne agus pictiúir.