Is uaigneach an saol a bhíonn ag Cecily Ní Bhaoill. Alcólach a bhí inti fadó agus, mar thoradh air sin, ní bhíonn teagmháil ar bith aici lena hiníon fhásta ná lena beirt gharpháistí. Anois, tá a gariníon ag déanamh réidh lena Céad Chomaoineach a dhéanamh agus, thar aon ní eile, ba bhreá le Cecily bheith i láthair. An féidir léi teagmháil a dhéanamh leis an teaghlach sula mbeidh sé ródhéanach? Scéal é seo a léiríonn an choimhlint idir an phróifíl shnasta ar Facebook agus an fhírinne lom. Bíonn na carachtair uile ag streachailt lena gcuid fadhbanna féin – idir andúileachas, aonrú sóisialta agus foréigean baile – agus baineann an t-údar leas as guthanna difriúla chun dearcadh thrí ghlúin den teaghlach seo a chur in iúl. Insítear an scéal i nGaeilge shimplí agus tá míniú ar fhocail agus ar nathanna cainte ag bun gach leathanaigh agus sa ghluais ag deireadh an leabhair.
From an Spidéal, Conamara, Meadhbh Ní Eadhra emerges as a rising literary talent. With the release of her fourth book for teenage readers, she continues to captivate audiences with her exceptional storytelling. Ní Eadhra has garnered numerous prizes and awards for her writing.
Aistriúchán go Gaeilge ag Bernadette Nic an tSaoir ar an dara leabhar sa Marseille Triológ le Jean-Claude Izzo. Translation into Irish by Bernadette Nic an tSaoir of the second book in Jean-Claude Izzo’s Marseille Trilogy.
amhain 2015. Ar mhótarbhealach sa Fhrainc, tá Khalil, Moslamach fir 23 bliana d’aois, ag triail ar chathair Pháras, crios pléascach fáiscthe lena chliabh. Ar an Stade de France i gcathair Pháras atá a thriail, é réidh le buille trom a bhualadh in aghaidh an tsaoil ghránna ina thimpeall agus Síoraíocht na Mairtíreach a bhaint amach. Ach ar oíche sin an uafáis, níl Khalil i measc na mbráthar a chuireann iad féin chun báis…. ‘Tugann an t-úrscéal seo tumadh dúinn in intinn buamadóra féinmharaithe…’ France Culture ‘Cur síos scáfar ar an radacú…ní le leithscéal a dhéanamh dó, ach lena thuiscint.’ La Croix
Beagnach céad bliain ó céadfhoilsíodh Jimín Mháire Thaidhg, tugann an t-eagrán maisithe seo léargas úr ar an leabhar is aitheanta i gcorpas litríocht Ghaeilge na n-óg.