Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar sin ar fad fite in aon scéal amháin ag Diarmuid Johnson — na bearnaí líonta, agus feoil curtha ar na cnámha —ionas gur sean-eipic nua atá againn atá inchurtha le scéal Héilin na Traí, nó le scéal Tristan agus Íosóid. Bean de shliocht éanlaith an tsí í Éadaoin. Í seal i measc na neamhbhuan abhus, seal i measc na mbuan i mBrí Léith. Is í ba bhanchéile d’Eochaidh Rí na Teamhrach. Ach is do Mhidhir a thug sí grá a croí, do Mhidhir an tsí, Midhir Bhrí Léith, Midhir na háille agus na mbriathra meala.
Ar Imeallchríocha na Críostaíochta : Sa bhliain 591, chuaigh buíon manach as Beannchar ar eachtra go himeallchríocha na Críostaíochta ag craobhscaoileadh bhriathar Dé. Is é Columbanus Naomh ba cheann feadhna orthu. I measc na ndeisceabal a thug cúl le dúchas in éineacht leis, bhí cléireach darbh ainm Ceallach.