Tá na scéalta seo bunaithe ar eachtraí an chéad mhórcharachtair aitheanta san fhicsean coireachta agus bleachtaireachta, Sherlock Holmes, agus baineann siad le seánra ficsin atá ag dul i dtreise riamh ó shin, seánra a bhfuil plé forleathan air i gcúrsaí liteartha ár linne. Scríbhneoir forásach, fadradharcach ab ea Conan Doyle, go háirithe mar ar bhain sé feidhm as forbairtí nua san eolaíocht fhóiréinseach ina chuid saothar. Is réimse eolaíochta é seo a bhfuil an pobal i gcoitinne an-tógtha leis i gcónaí, beag beann ar aicme, ar chreideamh nó ar chúlra cultúrtha, go háirithe i bhfianaise cúrsaí teilifíse agus scannánaíochta ár linne.