Navigation

Dúchan – Blúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain

Availability: Out of Stock
ISBN: 9781802050264
AuthorDillon, Charles
Pub Date30/06/2025
BindingPaperback
Pages300
CountryIRL
Dewey914.174048
Quick overview Blúirí ó shaothar Mháirtín Uí Chadhain a thugann léargas ar theanga, sochaí agus pearsantachaí Chonamara sna 1930idí. Tá deich dtéama i gceist (sláinte, grá, an talamh, an aimsir, agus an fharraige san áireamh). Tugtar míniú ar na focail, agus tá scéalta beaga le fáil sna blúirí féin.
€25.00

Léaráidí le Seán Ó Flaithearta ó Inis Mór.

Is cnuasach é ‘Dúchan’ de shamplaí a bhreac Máirtín Ó Cadhain (1906–1970) ina mhórshaothar foclóireachta, mar léiriú ar úsáid focal, nathán agus leaganacha cainte i gcanúintí Gaeilge Chonamara a linne féin. Gheofar ann léiriú suntasach ar chaint agus ar shaol na Gaeltachta, chomh maith leis an eolas atá ann ar bhríonna agus ar úsáid focal. Tá an t-ábhar curtha in eagar anseo faoi deich gcinn de théamaí. Togha agus rogha é an t-ábhar ón bhfoclóir mór, atá ar fáil ina iomláine mar eagrán ar líne. Is beag gné de ghnáthshaol na Gaeltachta nach bhfuil trácht uirthi sna sleachta seo, cé acu fada nó gairid iad, ó pheann mhórscríbhneoir Gaeilge an 20ú haois.

Is as an Bhinn Bhorb, Co. Thír Eoghain do Charles Dillon. Tá sé mar Eagarthóir ar an gclár taighde Foclóir Stairiúil na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann ón mbliain 2016. Chaith sé seal roimhe sin ina léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na Banríona, tar éis dó a chéim dochtúireachta a bhaint amach in Ollscoil Uladh. Tá roinnt mhaith taighde foilsithe aige faoi theangeolaíocht, litríocht agus lámhscríbhinní na Nua-Ghaeilge.

Is as Aill na Brún i gConamara é Colm Ó Cuaig. Is in Ollscoil na Gaillimhe a bhain sé amach a chéim dochtúireachta sa mbliain 2017, an bhliain chéanna ar chuir sé tús lena chuid oibre le Foclóir Stairiúil na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tháinig deireadh lena sheal san Acadamh sa mbliain 2025 agus é anois ina Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe.

9781802050264

An edited collection of extracts from the notebooks of celebrated Gaeltacht author Máirtín Ó Cadhain (1906–1970), providing a window on the language, society and personalities of 1930s Conamara. The collection is arranged under 10 themes (including health, love, land, the weather, sea and shore), and in addition to elucidating the meanings of given words and terms, many of the extracts are stories in themselves.

Seán Ó Flaithearta, Inis Mór visual artist, has responded to the words and created original artworks to illustrate the book.

Product description

Customers who bought this item also bought

Gearr Gonta : Céad Dán le Céad File

O'Conghaile, Michael
9781784442941
€15.00

Danta Idir Shean agus Nua

Ni Ghlinn, Aine
9781784442958
Áine Ní Ghlinn is a writer and poet whose work often explores silence — the unspoken, the unsayable. Her writing delves into quietness, absence, and the emotional spaces we hesitate to name.
€15.00

An Ghluaiseacht : Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta

Macconiomaire, Ronan
9781784442910
In 1969, tháinig dream óg le chéile i gConamara chun tabhairt faoi fheachtas a d'athródh todhchaí na Gaeltachta go deo. Spreagtha ag agóidíocht a bhí ag tarlú ar fud na cruinne, bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta mar sheasamh in aghaidh an feall a bhí á dhéanamh ar phobal imeallaithe agus a dteanga.
€20.00