Úrscéal faoi bhean óg as Málta, Katarina, aimsir an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Déantar cleamhnas di le saighdiúir Éireannach in arm Shasana, Tomaí. Is as Béal Feirste dó agus é lonnaithe i Málta le linn an chogaidh, ach tá seisean ag dréim le hÉirinn aontaithe mar a gheall Redmond.
Saothar úr ilúdar a chuireann disciplín idirnáisiúnta na sochtheangeolaíochta os comhair léitheoirí na Gaeilge, agus cás na Gaeilge mar phríomheiseamláir i ngach caibidil. Ailt le Tadhg Ó hIfearnáin, Máire Ní Neachtain, Siobhán Ní Laoire, Noel Ó Murchadha, Peadar Ó Muircheartaigh, Iarfhlaith Watson, Helena Ní Ghearáin, John Walsh, Eoghan Mac Éinrí, Muiris Ó Laoire, Pádraig Ó Duibhir agus Laoise Ní Thuairisg.