Ardú, titim, dul faoi agus aiséirí an spioraid dhaonna is bunús don chnuasach ceannródaioch seo sa déaglitríocht. Tá an Laighléiseach ina mháistir ar a cheird agus litríocht bheoga bheathaitheach nua-aimseartha á cur inár láthair aige. An cúlbhrat sóisialta is canbhás dó agus mórfhadhbanna an déagóra i saol an lae inniu á gcioradh go dána íogair máistriúil aige. Drugaí, SEIF, dífhostaíocht agus araile - imeallú den uile chineál - á ríomh aige lena pheann. Ní hiontas é go bhfuil mórán duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta bronnta air as an saothar seo agus é anois ar fáil i raidhse eile teangacha.
This is the gripping story of Patrick, the slave boy, his capture by Irish raiders and his dramatic escape. The first Irish graphic novel, magnificently illustrated throughout, is suitable for all readers from 10 to adult. An Sclábhaí won a prestigious Bisto Merit Award in May 2002.