Téann Rónán réasúnta minic chuig reilg a Dhaideo agus caitheann sé am ag insint dó faoi na nithe a tharlaíonn dó go laethúil, ach go háirithe na nithe a chuireann isteach air. Faigheann Rónán amach áfach, nach mar a shíltear a bhítear nuair a bheireann zombaí greim ar a dheirfiúr óg, Róise!
Ní chun uafás a chur ar na páistí a dhéanann an zombaí Oscar amhlaidh, áfach. Dáiríre is zombaí fíorshóisialta é! Is é an rud is mó atá ar a intinn siúd, ná bia agus deoch a sholáthar do chóisir na zombaithe.
Is dóigh liom go mbainfeadh páistí sult as an scéal áibhéalta seo. Tá tuairim agam go mbainfeadh buachaillí ach go háirithe an-chraic go deo as roinnt de na heachtraí a thiteann amach sa siopa nuair a thosaíonn Oscar ag titim as a chéile!
Tá an Ghaeilge simplithe go maith do pháistí agus cabhraíonn an bhéim atá ar chaint dhíreach an scéal a dhéanamh drámatúil. Is i ndubh agus bán ata na léaráidí ach táim cinnte go rachaidh siad i bhfeidhm ar an léitheoir óg.