Is feirmeoir é a bhfuil an-suim aige sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach. Tá sé pósta le Cathy agus tá cúigear clainne lánfhásta acu. Tá sé gníomhach i gConradh na Gaeilge le blianta agus é ina bhall de Chraobh Chill Rois den chonradh. Cnuasach fíorthaithneamhach idir ghearrscéalta agus aistí atá sa leabhrán seo. Le bua na scéalaíocht agus bua na samhlaíochta, cuireann an t-údar saol mhuintir na tuaithe in Iarthar Cho. an Chláir os ár gcomhair i lár na haoise seo caite chomh maith leis an saol comhaimseartha. Cruthaíonn sé carachtair bheo bhríomhara réadúla a choiníonn suim an léitheora ó thús deireadh.