Is bailiúchán é seo de na téarmaí is lárnaí i réimse na critice liteartha. Tá téarmaí ón Luath-Ghaeilge agus ón nGaeilge Chlasaiceach ann mar léiriú ar ársaíocht thraidisiún liteartha na Gaeilge.
Cuimsítear chomh maith na príomhthéarmaí is nua-aoisí sa chritic chomhaimseartha. Cláraíodh téarmaí a bhaineann le réimsí na litríochta, idir phrós, fhilíocht agus drámaíocht, agus réimsí gaolmhara (béaloideas, amhránaíocht, foilsitheoireacht, leabharcheangal, próiseáil focal, clógrafaíocht, teangeolaíocht). Tá roinnt sleachta ó phinn léirmheastóirí aitheanta tugtha i gcorp an fhoclóra mar eiseamláirí de théarmaíocht an critice liteartha i gcomhthéacs.
Beidh an foclóir seo ina áis luachmhar údarásach do dhuine ar bith atá ag gabháil do staidéar ar litríocht na Gaeilge.