Navigation

Cití Agus A Slaitíu Draíochta

Availability: Out of Stock
ISBN: 9781857916003
AuthorKorky, Paul
BindingPaperback
Publisher: A.I.S.
Quick overview Eachtra eile i saol Chití Cailleach atá i gceist sa leabhar seo. Maidin lae Seó Mór na nDraíodóirí atá ann, agus tosaíonn Cití á hullmhú féin don ócáid mhór. Beartaíonn sí ar a gúna álainn a chaitheamh. Nuair a fheiceann sí nach bhfuil sé glan, cuireann san inneall níocháin é. Ní fada go dtugann sí faoi deara go bhfuil a slaitín draíochta nite aici tré dhearúd! Leanann scéal Valerie Thomas ar aghaidh i slí álainn bhríomhar, le Cití ag lorg réiteach ar an bhfadhb, le cabhair óna Cat, Smúróg. Leis an slaitín draíochta briste, bíonn Cití bocht in ísle brí, mar sin imíonn Smúróg i mbun ceann nua a fháil.
€6.95

Is leabhar iontach spraoiúil é do pháistí. Tá dóthain ag tarlú sa scéal chun spéis na bpáistí a choimeád, ach gan é a bheith róchasta. Tá leagan amach maith ag an leabhar le meascán maith de léaráidí agus d’fhocail ar gach leathanach. Tugann léaráidí Korky Paul seans do pháistí ar aon chumas léitheoireachta, tuiscint a fháil ar an scéal. Úsáideann sé dathanna áille, le codarsnacht iontach idir na dathanna gealla ar éadaí Chití agus leis an dubh agus bán sa chúlra. Úsáideann sé an cleas seo go héifeachteach chomh maith chun mothúcháin Smúróg a léiriú.

Cuireann focail Mháirtín Uí Cléirigh greann leis an scéal, chomh maith le frásaíocht atá lán le gliceas. Is focail shimplí iad a thugann seans do pháiste atá ag foghlaim Gaeilge taitneamh iomlán as bhaint as.

*
*
*
Product description

Customers who bought this item also bought

La Mor Fada

GIRBES JC
9780898332667
€6.00

Tabhair Leat Do Leabhar

GIRBES JC
9780898332674
€6.00

Is Mise Do Chara

Nuallain, Esther Gobl Ui
9780956492647
€9.15