Dlúthchairde ón Spidéal iad Mikey, Hannah agus Rónán. Is deacair do Mhikey a mhothúcháin do Hannah a chur in iúl agus ise ag tabhairt aghaidh ar a cuid trioblóidí féin. Bíonn Rónán sáinnithe idir eatarthu, agus é mar chrann taca ag an
mbeirt acu. Oíche thorthaí an Teastais Shóisearaigh, tagann cor cinniúnach ar an saol dóibh go léir ...
Rachaidh scéal agus stíl nuálach an leabhair seo i gcion go mór ar léitheoirí. Béimnítear an ceol síos tríd agus téann an leabhar i ngleic le cairdeas, féiniúlacht
agus teacht aniar an duine. Scríobhadh an leabhar seo le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta