Ní Bhaoil, Róise
9781914482038
Tugtar ar thurais muid sna gearrscéalta seo, turais intinne, turais go críocha adaine, turais go tíortha atá stollta ag an choimhlint agus ag an athrach; ach is turais go croí na daonnachta iad go léir, le daoine atá ag cuartú saol dóchasach úr nó le daoine a bhfuil mórghluaiseachtaí daonna ag léiriú an éagthromais, feictear an daonnacht ina steillbheatha sna scéalta seo. Inste i nguth tomhaiste deisbhéalach, tá scéalaíocht Rann na Feirste i stíl liteartha chomhaimseartha an lae inniu le sonrú go soiléir sa tsaothar seo.