Navigation

Ar an Imeall i Lár an Domhain

Availability: Out of Stock
ISBN: 9781913814137
AuthorMarkus Radvan ed
Pub Date11/12/2021
BindingHardback
CountryIRL
Dewey891.621
Publisher: Leabhar Breac
Quick overview Cnuasach aistí taighde bunaithe ar rogha páipéar a léadh ag comhdháil idirnáisiúnta lán-Ghaeilge a tionóladh i bPrág i Méan Fómhair 2017. Tugann aistí áirithe anseo léargas nua ar an gcaidreamh cultúrtha idir Éire agus an Eoraip, go stairiúil agus sa lá atá inniu ann. Scrúdaíonn aistí eile coincheapa na tairsí agus na tairseachúlachta i nuaphrós agus i nuafhilíocht na Gaeilge, agus pléann na haistí deireanacha sa chnuasach seánraí scríbhneoireachta atá ar imeall na canóine.
€40.00

Is don Ollamh Mícheál Mac Craith OFM, duine de mhórscoláirí Gaeilge na linne seo agus údar na chéad aiste sa chnuasach, a thiomnaítear an leabhar seo.

Tairseach Teanga agus Tuisceana
Trasnaíodh tairseacha tábhachtacha teanga agus tuisceana ag an gcomhdháil i bPrág agus feidhmeoidh an leabhar seo anois mar mhúnla do thionscnaimh thraschultúrtha eile dá chineál sna blianta atá amach romhainn. Tá an leabhar tiomnaithe don Ollamh Mícheál Mac Craith, sagart Proinsiasach agus duine de mhórscoláirí Gaeilge na linne seo.

Spreagadh agus Lón Machnaimh
“Le blianta beaga anuas, tá scoláirí na Gaeilge ag díriú as an nua ar an Ghaeilge agus ar thraidisiún na Gaeilge i gcomhthéacsanna idirnáisiúnta agus trasnáisiúnta. Leantar den iniúchadh sin sa mhórbhailiúchán breá aistí seo ina bhfuil an bhéim ar an taobh Eorpach den scéal. Is saothar critice den scoth é Ar an Imeall i Lár an Domhain ina bhfuil éagsulacht scóipiúil in ábhar na n-aistí agus i gcur chuige na n-údar. Leabhar spreagúil is ea é seo a bhfuil lón machnaimh ann. Is leabhar tarraingteach é fosta a théann i bhfeidhm ar an tsúil.
Isteach thar an tairseach leat, a léitheoir chóir, buail fút, agus blais de rogha agus de thogha scoláireacht Léann na Gaeilge.” — An tOll. Pádraig Ó Siadhail, Ollscoil Mhuire Naofa, Halifax

Dlúthcheangal idir Éire agus an Mhór-Roinn
“Leabhar fíorthabhachtach é seo a léiríonn go raibh litríocht na Gaeilge ag plé riamh anall le coincheapa casta agus leis an dlúthcheangal idir Éire agus Mór-roinn na hEorpa.” — an tOll. Clíona Ní Ríordáin, Université Sorbonne Nouvelle, Páras.

Eagarthóirí: Radvan Markus, Máirín Nic Eoin, Deirdre Nic Mhathúna, Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Brian Ó Conchubhair, Pádraig Ó Liathái

*
*
*
Product description

Customers who bought this item also bought

Mé Suibhne

O'Béarra, Fearghal
9781913814083
2021 Publication.
€16.00

Dána

Field, Julie
6660012210282
An cnuasach filíochta is déanaí ón bhfile a d’fhás sna Norries. Bailiúchán breá pearsanta ina bhfuil ceithre fórsa domhanda = Talamh, Aer, Tine, Uisce, mar theidil caibidil ar na dánta. A very personal collection containing four world forces = Land, Air, Fire, Water, as the chapter titles for the poems.
€7.50

Diolaim Prois 1450-1850

Mac Giolla Chomhaill, Anrai
9781913814045
This wonderful collection comprises of prose excerpts from Irish literature of the period 1450-1850 collected and edited by Anraí Mac Giolla Chomhaill and published in modern spelling — with a biographical portrait of the author by Prof. Malachy Ó Néill
€18.00