Brí agus Seasta, Capall Cainte agus giolla
bocht, socraíonn siad ar éalú i dteannta a
chéile agus saol an sclábhaí a fhágáil ina
ndiaidh. Is gearr go cuireann siad aithne
ar bheirt eile atá ar a dteitheadh – an
cailín uasal Aravios agus a compánach féin, Capall Cainte darb
ainm Bhuin. Tiocfaidh an ceathrar seo i gcabhair ar Nairnia in
am an éigin agus léireoidh an giolla óg Seasta nach bhfuil dul
ón gcinniúint. Seo an dara leabhar i sraith Chroinicí Nairnia atá
aistrithe ag A. Mac Lochlainn, agus craiceann chomh paiteanta,
snasta céanna curtha aige ar an gceann seo is a chuir ar An Leon,
an Bandraoi agus an Prios Éadaigh.