Navigation

Éadaoin

Availability: Out of Stock
ISBN: 9781909907683
AuthorJohnson, Diarmuid
Pub Date31/03/2020
BindingPaperback
Publisher: Leabhar Breac
Quick overview Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar sin ar fad fite in aon scéal amháin ag Diarmuid Johnson — na bearnaí líonta, agus feoil curtha ar na cnámha —ionas gur sean-eipic nua atá againn atá inchurtha le scéal Héilin na Traí, nó le scéal Tristan agus Íosóid. Bean de shliocht éanlaith an tsí í Éadaoin. Í seal i measc na neamhbhuan abhus, seal i measc na mbuan i mBrí Léith. Is í ba bhanchéile d’Eochaidh Rí na Teamhrach. Ach is do Mhidhir a thug sí grá a croí, do Mhidhir an tsí, Midhir Bhrí Léith, Midhir na háille agus na mbriathra meala.
€16.00

Uaigneas na mban is ábhar don scéal seo. Uaigneas mná a fágadh gan cheachtar den bheirt a bhí luaite léi, céile ná leannán. Agus ós de shliocht na mbuan an bhean sin, is buan síoraí an t-uaigneas atá le fulaingt aici. Seanscéal faoi chulaith nua, seantéama comhaimseartha, scéal téagartha tragóideach faoi sheacht snaidhm na seirce.

Le foilsiú Éadaoin dúntar an fáinne fí seo tá údar ceiliúrtha againn: trí sheoidleabhar ar scéal bunaidh na hÉireann. In 2017 a foilsíodh Conaire Mór, leabhar a dhéanann athinsint ar an seanscéal Togail Bruidne Da Derga. In 2018 foilsíodh Tuatha Dé Danann, leabhar a rianann gabháil na hÉireann sula dtáinig na Gaeil ar an bhfód. Tá an seanábhar agus an dúchas úd athmhúnlaithe feasta dúinn ag Diarmuid Johnson, ábhar a bhí faoi cheo na gcianta, ábhar a ligeadh i léig agus i laige, ábhar atá ar fáil arís ar deireadh thiar. Bígí ag léamh ‘Sraith na Teamhrach’. Is saothar é nach bhfuil a shárú ann.

Product description

Customers who bought this item also bought

Máchail - Scéal Díoltais

O'Laighlesi, Re
9780957365926
€12.95

Mise, Pingin agus Bruno (Open Door as Gaeilge)

Stanley, Mary
9781848408968
Part of the Open Door series of short books for emerging readers, now translated for the first time into Irish with the support of An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoilaiochta, and ideal for learners of the Irish language.
€7.99

Saighdiúir

O Searcaigh, Cathal
9781913814359
€16.00